Sa Bhreatain, beidh babhta eile vótála ar bun tráthnóna le ceannaire a thoghadh ar an bPáirtí Caomhach agus cuirfear as iomaíocht duine den chúigear atá fanta tar éis na vótála.

Is iad Boris Johnson, Jeremy Hunt, Michael Gove, Sajid Javid agus Rory Stewart an cúigear atá i gceist. Sa bhabhta vótála a bhí ann inné, ba é Boris Johnson a fuair an líon is mó vótaí agus is é rogha na coitiantachta i gcónaí é. 

Ghlac an cúigear páirt i gclár díospóireachta ar theilifís an BBC aréir. Imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach is mó a pléadh sa díospóireacht.