Sa Bhreatain, cúigear atá fanta tar éis an dara babhta vótála i dtoghchán ceannaireachta an Pháirtí Chaomhaigh. 

Chaith feisirí parlaiminte an pháirtí a gcuid vótaí tráthnóna agus dícháilíodh duine de na hiarrthóirí Dominic Raab mar nach bhfuair sé na 33 vóta ar a laghad a bhí ag teastáil. 

Is iad Boris Johnson, Jeremy Hunt, Michael Gove, Sajid Javid agus Rory Stewart atá fanta anois. Boris Johnson a fuair an líon is mó vótaí arís. Glacfaidh siad páirt i ndíospóireacht teilifíse ar an BBC ag 8 a chlog tráthnóna. 

Leanfar arís amárach agus Déardaoin, más gá, de na babhtaí vótála nó nach mbeidh fágtha san iomaíocht ach beirt.

Ag an tráth sin, beidh cead ag baill chláraithe ar fad an Pháirtí Chaomhaigh vóta a chaitheamh agus beidh mí acu le comharba Theresa May a thoghadh.