Cháin na Náisiúin Aontaithe an tír seo le gairid as líon na dteach san earnáil chíosa atá ceannaithe ag comhlachtaí móra infheistíochta, ar nós Ires Reit agus Blackstone.

Deirtear sa tuarascáil a scríobh Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe ar chúrsaí tithíochta Leilani Farha go raibh "airgeadú" á dhéanamh ar chúrsaí tithíochta in Éirinn. 

De réir taighde a rinne na comhairleoirí maoine Savills Ireland, cheannaigh cistí corparáideacha idirnáisiúnta breis agus 11% den stoc tithíochta a bhí ar fáil sa Stát anuraidh.

Chomh maith leis sin, léiríonn taighde a rinne an Institiúid um Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta i gcomhar leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe gur fhág beagnach 2,000 tiarna talún an earnáil chíosa le trí bliana anuas. Tugann sé seo le fios go bhfuil tiarnaí talún aonaracha ag fágáil na hearnála agus go bhfuil comhlachtaí corparáideacha ag teacht ina n-áit.

Deir an saineolaí airgeadais Conall Ó Móráin, áfach, gur cuma cé leis na tithe mar gurb é an t-aon réiteach ar an ngéarchéim cúrsaí soláthair a fheabhsú.

"Is réiteach simplí ach thar a bheith mall agus casta atá ann. Bíonn daoine ag gearán faoi na cistí corparáideacha seo, ach ar bhealach, nach dtugann siad bunús proifisiúnta don earnáil? Bhí go leor tiarnaí talún againn sa tír seo a bhí ag plé leis an earnáil de thaisme. Anois, tá níos mó comhlachtaí proifisiúnta ag teacht isteach san earnáil agus déanfaidh siad bainistiú níos fearr ar árasáin. Beidh caighdeán níos fearr i gceist." 

I mBeirlín, príomhchathair na Gearmáine, is le comhlachtaí infheistíochta formhór na n-áras cónaithe atá ar cíos ansin.

Bhíodh an polasaí tithíochta atá ag na Gearmánaigh á mholadh go hard sa tír seo. Ach ó tharla an ghéarchéim eacnamaíochta in 2008, tá ardú 117% tagtha ar chíos i mBeirlín. Tá monaplacht ag cúpla comhlacht ar an earnáil ansin.

Anois, tá feachtas curtha ar bun ag muintir na cathrach féachaint le reifreann a reáchtáil leis an dlí a athrú agus iachall a chur ar na comhlachtaí seo a gcuid maoine a dhíol ar ais leis an gcathair.

"Is dócha go gcaithfidh muid foghlaim ó Bherlín," a deir an comhairleoir contae i mBaile Átha Cliath Peadar Caomhánach ó Chomhaontas Glas. "Tá siadsan níos faide síos an bóthar seo ná muidne agus anois tá siad ag iarraidh cumhacht na gcomhlachtaí corparáideacha seo a laghdú."

Chríochnaigh Aindriú de Buitléir céim in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, i mbliana. Tá sé 23 bliain d'aois agus is as Muineachán ó dhúchas dó. Deir sé go mbíonn sé ag streachailt de shíor le cúrsaí tithíochta.

Aindriú de Buitléir

"Braithim nach bhfuil préamhacha ar bith agam. Caithfidh mé a bheith ag obair i mBaile Átha Cliath agus tá Muineachán rófhada ón bpríomhchathair le fanacht le mo thuismitheoirí.

Le trí bliana anuas, b’éigean dom lóistín nua a aimsiú go leor amanta. Bíonn tú i gcónaí ag streachailt leis an tiarna talún. Tá teach agam go dtí mí Mheán Fómhair, ach ina dhiaidh sin, níl a fhios agam céard a tharlóidh.

Bíonn scuainí móra os comhair gach tí atá á ligint amach. Bíonn daoine ag íoc 70% dá n-ioncam ar chíos. Tá sé scannalach.

Agus ceapaim go bhfuil an ghéarchéim ag éirí níos measa de bharr na gcistí corparáideacha seo. Caitheann siad tionóntaí amach as a dtithe. Ansin, déanann siad athchóiriú beag ar an teach agus ligeann siad amach ina dhiaidh é ar phraghas i bhfad níos airde."

Dúirt Leilani Farha ina tuarascáil go dtugtar buntáiste cánach do na cistí corparáideacha seo agus go n-íocann siad ráta cánach thar a bheith íseal dá bharr.

"Tá sé fíor go mbíodh rátaí an-ísle i gceist", a deir Conall Ó Móráin, "ach tá sé sin ag athrú anois. Mar a shamhlófa, tá na céadta milliún euro i gceist.

Mar sin, tá sé d’acmhainn ag leithéidí Blackstone agus Ires Reit agus Kennedy Wilson íoc as an gcomhairle cánach is fearr atá ar fáil. Mar sin, bhíodh siad in ann socruithe cánach a dhéanamh dóibh féin a thug an-bhuntáiste dóibh.

Ach de réir a chéile, tá an tAire Airgeadais Paschal Donohue ag cur deireadh leis na buntáistí sin."

Beidh tuairisc faoin scéal seo ar 7Lá ar TG4 ag 7.20 tráthnóna