Níl sé i gceist ag comhairleoir contae Shinn Féin i gCiarraí Toiréasa Ferris dul san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile.

Thug Toireasa Ferris an méid le fios ag cruinniú den pháirtí i dTrá Lí aréir. Dúirt sí go raibh an-aiféala uirthi ach go raibh comhairle dochtúra faighte aici aire a thabhairt di féin. Dúirt sí nach bhfuil aon ghalar tromchúiseach ag dul di. 

Bhí sé i gceist go mbeadh sí ina hiarrthóir in áit a hathar, an Teachta Dála Martin Ferris, nach mbeidh ag seasamh an chéad uair eile.

Roghnóidh Sinn Féin iarrthóir eile do dháilcheantar Chiarraí i mí Lúnasa.