Cuirfear tús sa Bhreatain inniu leis an dara babhta vótála i dtoghchán ceannaireachta an Pháirtí Chaomhaigh ó d'éirigh Theresa May as. Idir 3 agus 5 a chlog trathnóna a bheas feisirí an pháirtí ag caitheamh a vótaí agus tá súil le toradh faoi am tae.

Cuirfear aon iarrthóir nach bhfaighidh 33 vóta ar a laghad as an áireamh ach má fhaigheann gach duine acu an t-íosmhéid seo, cuirfear an t-iarrthóir is lú vótaí as an gcomhaireamh.

Ag 8 a chlog tráthnóna, glacfaidh na hiarrthóirí a bheas fanta san iomaíocht páirt i ndíospóireacht teilifíse ar an BBC.

Leanfar arís amárach agus Déardaoin, más gá, de na babhtaí vótála nó nach mbeidh fágtha san iomaíocht ach beirt.

Ag an tráth sin, beidh cead ag baill chláraithe ar fad an Pháirtí Chaomhaigh vóta a chaitheamh agus beidh mí acu le comharba Theresa May a thoghadh.