Tá amhras léirithe ag páirtithe an fhreasúra faoi phlean gnímh aeráide an Rialtais. 

Dúirt Fianna Fáil go raibh siad réasúnta sásta leis an bplean ach cháin siad an Rialtas faoi nach raibh na costais a bhaineann leis leagtha amach acu.

Dúirt Sinn Féin go dtitfeadh ualach na mbeartas atá sa phlean ar na daoine is boichte sa tír agus go bhfuil siad in aghaidh aon arduithe ar chánacha carbóin. Tuilleadh infheistíochta i gcórais iompair phoiblí atá ag teastáil, dar leo.

Dúirt Comhaontas Glas cé bhfuil neart rudaí maithe sa phlean nach bhfuil tada suntasach ann faoi iompar poiblí a fhorbairt.

Dúirt Pobal Roimh Bhrabús gurb amhlaidh atá an Rialtas ag cur an mhilleáin faoin athrú aeráide ar an gcosmhuintir agus go bhfuil cead a gcinn á thabhairt acu do na tionscail gháis agus ola.