Bás de bharr míthapa an breithiúnas a tugadh ag coiste cróinéara faoi bhuachaill trí bliana déag a bhásaigh ar oileán Chliara amach ó chósta Mhaigh Eo anuraidh. 

Bhásaigh Morgan Pinder as Goirtín ar Chliara nuair a d'imigh carr a bhí sé a thiomáint den bhóthar go mocht ar maidin 5 Lúnasa 2018. Ní raibh aon duine eile sa charr ag an am. 

Dúradh ag an gcoiste cróinéara i gCaisleán an Bharraigh go raibh fíor-dhrochbhail ar an gcarr Audi a cláraíodh sa bhliain 1994, go háirithe ar na coscáin.

Dúirt Cróinéir Mhaigh Eo Pat O'Connor nach faoisean a bhí sé moltaí ar leith a dhéanamh i bhfianaise an cháis seo ach dúirt go mbeadh ciall cheannaithe ag pobal Chliara dá bharr.