Maraíodh fear os cionn 40 bliain d'aois nuair a d'imigh sé dá chuadrothar i gCo Dhun na nGall.

Tharla an tionóisc in aice le Tamhnach an tSalainn i ndeisceart an chontae ag thart ar 7 a chlog tráthnóna inné. Bhain drochghortuithe cinn don fhear. 

Tugadh é go hOspideal Ollscoile Leitir Ceanainn i dtosach ach aistríodh é ina dhiaidh sin go hOspidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath mar ar cailleadh é inniu.