Deir feisire pháirtí an DUP Jeffery Donaldson nach bhfuil An Taoiseach ag déanamh 'leas na hÉireann sa Bhreatimeacht', agus go bhfuil a fhios ag Leo Varadkar go bhfuil imeacht gan socrú ar na bacáin, mura bhfreagrófar imní na Breataine faoin gcúlstad.

'Caithfear fráma ama don chúlstad bheith curtha in áit', a deir sé, 'gan imní na bhfeisirí ina leith a ghlanadh'.

Ní shíleann an tUasal Donaldson gur iarratas an-mhór é sin a dhéanamh, más é sin a theastaíonn chun toradh gan socrú a sheachaint.

'An t-aon chúis go bhfuil an próiséas i sáinn', a deir sé, 'nach vótáilfeadh Pairlimint na Breataine ar chomhaontú imeachta de bharr an chúlstaid'.

'Ní aontaím leis ar an gceist seo' a dúirt an Taoiseach Varadkar (thuas)

'Ní féídir', a deir sé, 'toradh gan socrú a sheachaint gan aghaidh a thabhairt ar an gcúlstad'.

'Rud é seo', a deir sé, 'a chreideann roinnt páirtithe éagsúla i Westminster'.

'Ní raibh ó aon duine', a deir sé, 'ach dearbhú go mbeadh teora ama á chur leis an gcúlstad'.

I bhfreagra ar Jeffrey Donaldson, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh an-mheas aige air ach nár aontaigh sé leis ar an gceist seo.

'Níl ach 2 thaobh sna cainteanna agus san idirbheartaíocht seo, An tAontas Eorpach ar thaobh amháin agus an Ríocht Aontaithe ar an taobh eile, agus is mar sin a bheidh sé i gcónaí i ndiaidh an Bhreatimeachta' a dúirt an Taoiseach.

'Is cuide den Aontas Eorpach an tír s'againne' a dúirt an Taoiseach, 'agus is buntáiste é sin dúinne'.