Dúirt an tAire Stáit a bhfuil freagracht aige do dhaoine scothaosta, go bhfuil fós i bhfad an iomarca daoine ag iarraidh leas a bhaint as Seirbhísí Cúram Baile.

'Dá réir', a dúirt Jim Daly 'ní acmhainn don Roinn an t-éileamh a shásamh'.

Ceadaíonn scéim Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) do dhaoine imeacht ó chúram an ospidéil, le gur féidir aire a thabhairt dóibh ina dtithe cónaithe féin.

Deir an HSE go bhfuil liosta feithimh anois de 6,300 duine aige.

Deir sé freisin go mba fhéidir nach mbeidh sé ábalta breis uaireanta a sholáthar sa chóras mar gheall ar easpa airgid.

Dúirt an tAire Daly áfach nach bhfuil an scéim dúnta, agus go raibh buiséad na scéime méadaithe le blianta anuas.

'Ach d'fhéadfadh fanacht de laethanta, nó fiú de sheachtainí a bheith i gceist' a dúirt an tAire.

Ghlac sé leis freisin go raibh teora le buiséad an HSE sa réimse seo, agus dá bharr sin, 'go mbeadh daoine áirithe nach mbainfeadh leas as an gcúram baile'.