Maraíodh fear os cionn 50 bliain d'aois i dtimpiste bóthair i gCo.Uíbh Fhailí ar maidin.

B'amhlaidh a bhuail gluaisteán é i gCluain Mín, lámh leis an Ród, go gairid roimh a 11 a'chlog.

Tá na seirbhísí éigeandála fós ar an láthair agus tá an bóthar dúnta ag na gardaí.