Tá an giúiré i gcás dúnmharaithe Ana Kriegel curtha abhaile don deireadh seachtaine anois, agus tosóidh siad ar ais i mbun machnaimh maidin Dé Luain.

Beirt bhuachaillí, Buachaill A agus Buachaill B atá ar a dtriail faoi dhúnmharú Ana Kriegel i dteach tréigthe i Leamhcán, iarthar Cho.Bhaile Átha Cliath i mBealtaine 2018.

Séanann an bheirt bhuachaillí an dúnmharú.

Tá cúiseamh de thromionsaí gnéasach á shéanamh ag Buachaill A freisin.

14 bliain d'aois a bhí Ana Kriegel ag an am.

Theastaigh ón ngiúiré ar maidin féachaint arís ar agallaimh a rinne gardaí le Buachaill B, nuair a gabhadh é i mBeataine agus arís in Iúil anuraidh.

Tá breis is 16 uair a chloig ar fad sna hagallaimh seo, agus taispeáineadh cheana iad don ghiúiré le linn na trialach.

Sular fhág siad, d'fhiafraigh siad den Bhreitheamh McDermott an bhfeadfaí scáileán níos mó a fháil chun na físeáin a fheiceáil.

Dúirt sé go mbreathnódh sé air sin Dé Luain.

Tá níos mó ná seacht n-uaire a chloig macnaimh déanta ag an ngiúiré go dtí seo.