Tá beirt fhear marbh i ndiaidh na timpiste a tharla tráthnóna inné den eitleán beag a raibh siad ag taisteal ann.

Tharla an tubaiste i Maoin,Co.Chill Dara. 

Bhí na gardaí agus seirbhís an Gharda Cósta i mbun cuardaigh ar an eitleán, agus thángthas air ag 4.30 ar maidin.

Fear sna seachtóidi, agus an fear eile sna caogaidí, an bheirt atá marbh.

Gardaí ar an láthair

Tugadh iadsan ó láthair na timpiste chuig Ospidéal Ginearálta an Náis.

Tá fiosrúchán á dhéanamh ag Údarás Eitlíochta na hÉireann.

Bhí an t-eitleán cláraithe sa Ríocht Aontaithe.

Dúirt Príomh-Chigire Aonad Fiosrúcháin na dTimpistí Aeir,Jurgen Whyte, gurb í a thuiscint go raibh an t-eitleán i mbun eitilt thraenála ó aerstráice Chill Rois.

Dúirt sé freisin go raibh súil aige an tuarascáil eatramhach faoi chúis na timpiste seo a bheith foilsithe as seo go ceann 30 lá.

Tá an t-eitleán tógtha ón láthair anois.