Tá triúr fear gafa ag gardaí in iarthar Chontae Bhaile Átha Cliath mar chuid dá n-iarrachtaí dul i ngleic le coiriúlacht eagraithe sa cheantar sin.

Thángthas ar roinnt airm freisin.

Idir 20-30 bliain d'aois atá na fir a gabhadh faoi Alt a 30 d'Acht na gCionta in aghaidh an Stáit.

Ba i bPáirc an tSeanchaisleáin go gairid tar éis a 6 a' chlog tráthnóna inné a fuarthas na hairm, 2 ghunna a bhí i gceist.

Agus tá fear 20 bliain d'aois gafa i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath i ndiaidh do ghardaí lear drugaí, luach €250,000 a thógáil.

Stáisiún an Gharda Síochána i mBaile Munna, Co.Bhaile Átha Cliath

Thángthas ar roinnt airgid freisin sa chuardach a rinneadh i gceantar na Cille Móire.

Tá an fear sin á choinneáil i stáisiún na ngardaí i mBaile Munna agus tháinig sé os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath ag 4.30 i.n inniu.