Tugadh fear 28 bliain d'aois le tabhairt os comhair cúirte i mBaile Átha Cliath inniu faoi dhúnmharú fir eile ag tús na seachtaine seo.

Dúnmharaíodh Peter Donnelly ar Shráid Uí Chonaill go moch maidin Dé Máirt seo caite.

Bhí an fear 39 bliain d'aois in éineacht le cara leis ag thart ar 1.40 nuair a tharla achrann agus sáthadh chun báis é.

Sráid Uí Chonaill, láthair an dúnmharaithe moch maidin Dé Máirt

Gabhadh Damien Singleton, fear 28 bliain d'aois go gairid ina dhiaidh sin ar Shráid Marlborough.

Tugadh chuig an ospidéal eisean, mar go raibh droch-ghortuithe ar a lámh.

Tá 2 chúis curtha ina leith, dúnmharú Peter Donnelly agus scian a bheith ina sheilbh.

Tá sé á choinneáil i stáisiún na ngardaí i Sráid an Stórais.

Cuireadh Damien Singleton siar faoi choinneáil go ceann seachtaine.