Tá an giúiré i dtriail dhúnmharaithe Ana Kriégel scaoilte abhaile don lá ag an mbreitheamh tar éis dó a chuid treoracha ar fad a thabhairt dóibh. Tosóidh na giúróirí ag déanamh a machnaimh ar a mbreith sa Phríomh-Chúirt Choiriúil amárach. 

Tá sé séanta ag beirt bhuachaillí ceithre bliana déag d'aois gur dhúnmharaigh siad an cailín scoile i seanteach feirme i Leamhcán in iarthar Bhaile Átha Cliath anuraidh. Tá duine de na buachaillí ag pléadáil neamhchiontach freisin in ionsaí gnéis a dhéanamh uirthi.

Agus é ag labhairt leis na giúróirí inniu, rinne an Breitheamh Paul McDermott achoimre ar an bhfianaise agus leag sé amach na prionsabail dhlíthiúla a bhaineann leis an gcás. 

Dúirt sé leo go mbeadh orthu a machnamh a dhéanamh ar go leor fianaise agus gur cás neamhghnách a bhí ann. 

Dúirt sé dá mbeadh amhras réasúnach orthu nach bhfuil an bheirt bhuachaillí freagrach as dúnmharú Ana go gcaithfidís iad a fháil neamhchiontach. 

Dúirt sé freisin go gcaithfeadh na giúróirí gach cúis a scrúdú as féin agus breith d'aon ghuth a thabhairt i gcás gach ceann acu.