Dúirt cathaoirleach bhord stiúrtha an Ospidéil Náisiúnta Leanaí go bhféadfadh costas tógála an ospidéil dul i méid mar gheall ar bhoilsciú san earnáil tógála.

Ag labhairt dó ag Coiste Sláinte an Oireachtais ar maidin, dúirt Fred Barry nach bhfuil smacht dá laghad ag an mbord stiúrtha ar an ráta boilscithe san earnáil sin.

Níos túisce inniu, dúirt urlabhraí sláinte Fhianna Fáil Stephen Donnelly ag an gcoiste go bhfuil an chuma ar an ospidéal nua go bhfuil sé an-chostasach agus d'fhiafraigh sé de Fred Barry an bhféadfaí airgead a shábháil dá mbeadh an dearadh níos simplí.

Dúirt Fred Barry, áfach, gur dóigh go bhféadfaí mionathruithe a dhéanamh ach go gcaithfí a chinntiú nach sáróidís an cead pleanála agus nach gcuirfidís as d'obair an oispidéil nuair  a bheadh sé tógtha.

Meastar faoi láthair gur thart ar €1.4 billiún an costas a bheas ar an ospidéal.