Tá Philomena Lynott, máthair an rac-cheoltóra Phil Lynott nach maireann, tar éis bháis. Bhí Philomena Lynott 88 bliain d'aois agus bhí sí tinn le tamall.

B'as Cromghlinn i mBaile Átha Cliath ó dhúchas í.

Scríobh sí leabhar a raibh an-ráchairt air faoina saol agus faoina mac Phil, ar phríomhamhránaí an bhanna ceoil Thin Lizzy é sna seachtóidí agus sna hochtóidí. Bhásaigh sé i 1986 gan é ach 36 bliain d'aois.  

Bhí Philomena ag iarraidh ar feadh na mblianta go mbeadh dealbh de Phil i mBaile Átha Cliath agus nochtadh é ar deireadh ar Shráid Harry sa bhliain 2005.