Tá an fear a bhásaigh de bharr a sháite ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath go moch ar maidin inné ainmnithe ag na Gardaí anois.

B'in é Peter Donnelly as Cill Chainnigh. Bhí sé 39 bliain d'aois.

Tá na Gardaí ag iarraidh labhairt le fear 28 bliain d'aois a gabhadh tamall gairid i ndiaidh na heachtra ar maidin inné.

Tá cóir leighis á cur ar an bhfear faoi láthair i gceann de na hospidéil i mBaile Átha Cliath agus tá obráid le cur air níos deireanaí inniu.