Tá gliondar ar chroí cailín scoile trí bliana déag as Béal Feirste inniu tar éis di amhrán Gaeilge a chasadh ag coirmcheoil Michael Bublé sa chathair aréir. 

Dalta sa dara bliain i gColáiste Feirste í Síomha Nic Brádaigh agus tá siad ag déanamh scrúduithe deireadh bliana faoi láthair.

Faoiseamh ó na scrúduithe sin a bhí sa choirmcheoil aréir.

Nuair a tháinig an t-amhránaí as Ceanada Michael Bublé chomh fada léi gar don stáitse aréir, d'iarr sé uirthi amhrán éigin a chasadh.

An Cailín Álainn le Tomás Mac Eoin as an gCeathrú Rua i gConamara a roghnaigh sí. 

Cé go bhfuil aird an domhain tarraingthe aici tríd an idirlíon, tá obair léinn fós le déanamh ag Síomha. Guímid gath rath uirthi ina cuid scrúduithe.