Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do Nuacht RTÉ/TG4 go laghdófar an líon oibrithe áisíneachta a fhostaítear i ngach ospidéal ceantair agus aonad altranais poilbí i dtrí chontae san iarthar mar gheall ar easnamh buiséid.

Gaillimh, Ros Comáin agus Maigh Eo na contaetha atá i gceist.

Bhí os cionn 400 duine i láthair ag cruinniú poiblí faoin cheist i mBéal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo, aréir. Léiríodh go leor imní ag an chruinniú faoi na ciorruithe atá i ndán don ospidéal ceantair ansin.

Tá imní orthu, a deir siad, faoin athbhreithniú atá á dhéanamh ar líon na n-oibrithe ó áisíneachtaí fostaíochta agus ar líon na leapacha san ospidéal.

An cruinniú i mBéal an Mhuirthead aréir

Tá 20 leaba san ospidéal féin agus 30 leaba eile i dteach altranais Áras Dheirbhile lena thaobh.

Déantar freastal idir an dá áit ar dhaoine aosta, daoine a bhful néaltrú ag dul dóibh, daoine nach bhfuil ábalta cónaí ina n-aonair agus daoine a bhfuil téarnamh nó faoiseamh uathu, agus cuirtear seirbhísí éagsúla leighis ar fáil iontu chomh maith.

Tuigtear go bhfuil triúr oibrithe áisíneachta le hathlonnú ón ospidéal an tseachtain seo chugainn. Agus dúirt Seanadóir Shinn Féin, Rose Conway Walsh, ag an chruinniú aréir go bhféadfaí suas le 20 post a bheith i mbaol. Seo daoine atá ar chonradh gairid agus daoine atá ar chonradh áisíneachta, a dúirt sí.

Cheistigh ionadaithe Fhine Gael, Fhianna Fáil agus Shinn Fein ráiteas Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nach bhfuil éileamh ar leapacha san ospidéal.

Deir an Fheidhmeannacht freisin gur cosúil go mbeidh easnamh €5.5 milliún ina mbuiséad do dhaoine aosta san iarthar i mbliana.

Tuigtear go bhfuil an tAire Stáit sa Roinn Sláinte Jim Daly le taisteal go Béal an Mhuirthead an tseachtain seo chugainn, mar a mbeidh cruinniú aige le hoifigigh faoin ospidéal ceantair.

Tá achainí ar líne sínithe ag cúpla míle duine ag éileamh go gcoinneofaí seirbhísí agus leapacha uile an ospidéil i mBéal an Mhuirthead.