Tá an breitheamh i dtriail na mbuachaillí a bhfuil dúnmharú an chailín scoile Ana Kriégel curtha ina leith ag tabhairt treoracha don ghiúiré arís inniu.

Dúirt sé leis na giúróirí go bhféadfaidís brath ar bhréaga a líomhnaítear a d'inis na buachaillí mar fhianaise chiontachta sa chás gur chruthaigh an t-ionchúiseamh nach raibh aon mhíniú neamhurchóideach eile orthu.

Chuir an Breitheamh Paul McDermot fainic ar na giúróirí gan dóigh a dhéanamh dá mbarúil.

Tá sé séanta ag an mbeirt bhuachaillí gur dhúnmharaigh siad Ana Kriégel i seanteach feirme i Leamhcán in iarthar Bhaile Átha Cliath anuraidh.

Tá duine de na buachaillí ag pléadáil neamhchiontach freisin in ionsaí gnéis uirthi.