Dúirt an tAire Airgeadais, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe cé go bhfuil an geilleagar meáite go maith agus go bhfuil bunús láidir faoin bhfostaíocht, go bhféadfadh seo athrú dá mbeifí ag brath an iomarca ar cháin chorparáide.

Bhí an tAire ag tagairt don mhéid a dúirt Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann gur chóir don rialtas cloí leis na pleananna buiséid atá acu i mbliana agus gan a bheith caifeach mura ndéantar ciorruithe in áiteanna eile nó mura dtagann ardú ar ioncam.

Mhaígh an tAire Donohoe gur léirigh an t-ardú a cuireadh ar an gcáin bhreisluacha san earnáil fháilteachais agus seirbhísí nach mbeifí ag brath an iomarca ar cháin chorparáide.