Tá sé deimhnithe ag an Aire Sláinte Simon Harris go bhfuil Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun íoc as an gcógas leighis Spinraza a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil galar neamhchoitianta matánach orthu. 

Is é Spinraza an t-aon druga atá ar fáil do dhaoine a bhuil seargadh matánach dromlaigh orthu.

Tá an galar seo ar thart ar 100 duine agus is leanaí iad an ceathrú cuid díobh.

Tá othair agus tuismitheoirí i mbun feachtais le fada ag iarraidh ar an bhFeidhmeannacht íoc as an druga.

Instealltar Spinraza sa dromlach gach ceithre mhí agus tá gach seisiún leighis an-chostasach. 

Roimhe seo, dúradh go gcosnódh an chóireáil leighis idir €380,000 agus €600,000 an duine gach bliain.

Dhiúltaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an méid seo a íoc leis na déantúsóirí Biogen, ach tuigtear go bhfuil an praghas íslithe ag an gcomhlacht ó shin.