Tá teach cónaithe duine a bhfuil baint aige le buíon coirpeach Hutch i mBaile Átha Cliath cuardaithe ag ag Gardaí ón mBiúró um Shócmhainní Coiriúla. 

Thóg na Gardaí gluaisteán, uaireadóir Rolex, roinnt cáipéisí, ríomhairí, teileafóin phóca agus trealamh leictreonach ón teach.

Ní raibh an fear sa teach nuair a thug na Gardaí ruathar faoi ar maidin. 

Rinne coirpigh eile roinnt iarrachtaí an fear a mharú agus bíonn sé ag bogadh ó áit go háit ó caitheadh agus gortaíodh é i mBaile Átha Cliath dhá bhliain ó shin. 

Tháinig na Gardaí roimh iarracht eile é a mharú anuraidh agus tá fear as an Eastóin ag cur téarma príosúin isteach faoin eachtra.