Tá fiosrúchán dúnmharaithe ar bun ag na Gardaí i mBaile Átha Cliath maidir le bás fir a sádh ar Shráid Uí Chonaill i lár na cathrach go moch ar maidin. 

Tá fear amach sna fichidí gafa ag na Gardaí faoin marú. Tugadh i dtosach é chuig stáisiún Gardaí Shráid an Stórais ach tugadh chun an ospidéil ina dhiaidh sin é, mar a bhfuil cóir leighis á cur air. 

Creidtear gur sádh an fear a maraíodh roinnt babhtaí agus gur tharla achrann idir é agus fear eile tamall gairid roimhe sin. 

Deir na Gardaí go bhfuil arm faighte acu agus go bhfuil íomhánna ó cheamaraí slándála á scrúdú acu mar chuid dá bhfiosrúchán.

Níl a fhios ag na Gardaí fós cérbh é an fear a maraíodh.