Dúirt an Tánaiste,Simon Coveney, go gcaithfí an teannas a bhaint as an aighneas seo idir Éirinn agus Albain i dtaca le cearta iascaireachta timpeall ar Rocall atá ó thuaidh den tír seo amach san Atlantach.

Dúirt sé go raibh deis idirbheartaíochta ann. 

Bhí an Tánaiste ag labhairt i gCorcaigh, áit a ndúirt sé go raibh iascairí na hÉireann i mbun iascaireachta go dleathach i Rocall, atá thart ar 420 cíliméadar siar ó thuaidh de chósta na hÉireann.

An Tánaiste Simon Coveney

Dúirt Simon Coveney nach raibh aon ghlacadh aige le dearcadh na hAlban ar an gceist.

Maíonn Albain gur leis an Ríocht Aontaithe an limistéar farraige timpeall ar Rocall.

Rocall, atá thart ar 240 míle siar ó thuaidh de Chontae Dhún na nGall

Dá réir, tá na hAlbanaigh ag rá nach bhfuil aon chearta ag báid iascaireachta na tíre seo a bheith sa cheantar.

Dúirt Aire Iascaireachta na hAlban, Fergus Ewing, gur féidir dul isteach ar na báid, mura bhfágann iascairí na hÉireann an áit.

Níos túisce inniu dúirt teachta dála Shinn Féin,Pearse Doherty, go raibh an chonspóid seo faoi Rocall 'aisteach'.