Tá na Gardaí ag lorg eolais ar an bpobal faoi thimpiste bóthair inar maraíodh triúr ban os cionn 70 bliain d'aois i gCo Luimnigh.

Maraíodh na mná nuair a bhuail dhá charr faoina chéile ar bhóthair an N69 ar thaobh Lios Tuathail de bhaile Leamhchoille ag thart ar 6.30 tráthnóna inné.

B'in iad Mary Noonan agus Mary Costello, a bhí i gceann de na carranna, agus Méabh Bradley a bhí sa charr eile léi. Deirfiúr leis an iarAire Rialtais Michael Noonan ab ea Mary Noonan.

Gortaíodh bean os cionn 70 bliain - Mary Griffin - a bhí ina paisinéir sa charr a raibh an bheirt eile inti agus tá cóir leighis á cur uirthi in Ospidéal Ollscoile Luimnigh.

Tuigtear go raibh an triúr ban ar a mbealach go dtí Féile na Scríbhneoirí i Lios Tuathail nuair a tharla an tionóisc.

B'as Faing i gCo Luimnigh ó dhúchas Mary Noonan agus Mary Costello, agus bhí siad ina gcónaí i Leamhchoill. B'as Pailís Chaonraí i Luimneach í Méabh Bradley.