Tá sé séanta ag Iar-Cheannasaí in Arm na Breataine go ndearnadh aon iarracht an sléacht a tharla i mBaile Uí Mhurchú le linn na dTrioblóidí a chuir faoi cheilt.

Mharaigh Arm na Breataine aon sibhialtach déag in Iarthar Bhéal Feirste i Mí Lúnasa 1971.

Bhí an tIar-Ghinearál Mike Jackson ag tabhairt fianaise ag an gcoiste cróinéara inniu maidir le bás an aon nduine dhéag i mBaile Uí Mhurchú agus dúirt sé go bhfuil sé áiféiseach a chur ina leith go raibh comhcheilg ar bun ag Arm na Breataine.

Ag an am, bhí an Ginearál mar chaptaen leis an gcéad chathláin choisithe don reisimint pharaisiút.