Ag am tae inniu, bhí thart ar an gceathrú cuid den 949 suíochán ar chomhairlí áitiúla na tíre buaite ag mná. Sin ardú beag ar an 21% a bhuaigh mná sa toghchán áitiúil deireanach in 2014. 

As an 1,977 iarrthóir an uair seo, ba mhná iad 563 díobh. 

Is mná a bhuaigh thart ar 23% de na suíocháin atá faighte ag Fine Gael go dtí seo, i gcomparáid le 17% i gcás Fhianna Fáil agus 40% i gcás Pháirtí an Lucht Oibre. 

13 bean ó Chomhaontas Glas atá tofa go dtí seo, triúr ó na Daonlathaithe Sóisialta agus triúr ó Phobal Roimh Bhrabús. 

Is bean í an chéad chomhairleoir a toghadh don pháirtí nua Aontú. Sin í Sarah O’Reilly sa Chabhán.