Níl sé curtha as an áireamh ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhféadfaí olltoghchán a ghairm go luath i bhfianaise thorthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach. 

Ar RTÉ tráthnóna, fiafraíodh den Taoiseach arbh fhearr leis olltoghchán, in áit roinnt fothoghchán, a ghairm. D'fhreagair sé gurb in ceist a gcaithfear machnamh a dhéanamh uirthi as seo go ceann cúpla seachtain.

Dúirt Leo Varadkar freisin go bhfuil roinnt toscaí le cur san áireamh sula ngairmfí olltoghchán - an éiginnteacht a bhaineann le himeacht na Breataine as an Aontas Eorpach agus an chéad Bhuiséad eile, mar shampla. Dúirt sé nach ndéanfadh sé atheagar ar a Rialtas.  

Dúirt an Taoiseach chomh maith cé go bhfuil roinnt suíochán gnóthaithe ag Fine Gael sa toghchán áitiúil nár chruthaigh an páirtí chomh maith agus a bhí súil leis. 

Ghlac sé leis gur an-toghchán a bhí ann do Chomhaontas Glas. Dar leis nach vóta agóide a fuair siad ach gur teachtaireacht a bhí ann don Rialtas dul i ngleic le hathrú aeráide.