Táthar ag leanacht ar aghaidh le comhaireamh na vótaí sa toghchán áitiúil agus sna toghcháin Eorpacha ag ionaid ar fud na tíre. 

Na scéalta is deireanaí ó na hionaid chomhairimh - agallaimh, tuairimí - ar Twitter @NuachtRTE @NuachtTG4 

Tá an chuid is mó de na 949 comhairleoir tofa faoin tráth seo agus thart ar 49% de na daoine atá ar chlár na dtoghthóirí a chaith vóta. 

Tá ardú mór tagtha ar vóta Chomhaontas Glas agus tá ag éirí go maith le Fianna Fáil freisin agus os cionn 26% den vóta acu. Dealraíonn sé gur acusan a bheas tromlach na suíochán ar na comhairlí áitiúla. 

Dúirt stiúrthóir toghchánaíochta Fhianna Fáil Dara Calleary go raibh sé sásta leis na torthaí agus gur céim eile i dtreo athneartú an pháirtí atá ann.

Níor éirigh le Cathal Haughey, garmhac an iarThaoisigh Cathal Ó hEochaidh, suíochán a bhuachan d'Fhianna Fáil i dtoghbharda Chluain Tarbh i mBaile Átha Cliath. Seo an chéad uair aige a ainm a chur chun cinn i dtoghchán. Bhuaigh Catherine Stocking ó na Daonlathaithe Sóisialta suíochán sa cheantar sin.

Tá os cionn 24% ag Fine Gael ach níor chruthaigh Sinn Féin chomh maith agus a ceapadh agus tá go leor suíochán caillte acu ar fud na tíre. 

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur ghlac sí leis go ndearna an páirtí botúin san fheachtas toghchánaíochta ach mhaígh sí nach raibh a ceannaireacht i mbaol dá bharr.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Brendan Howlin go raibh tionchar ar an mborradh a tháinig faoi vóta na nGlasach ar a pháirtí féin. Dúirt sé gur labhair sé le ceannaire Chomhaontas Glas Éamon Ryan cheana féin inniu faoi "chomhghuaillíocht fhorásach" a bhunú eatarthu le polasaithe áitiúla a chur i bhfeidhm.

Cuireadh tús le comhaireamh na vótaí sna toghcháin Eorpacha freisin inniu, agus trí fhesire déag le toghadh i dtrí thoghcheantar - Deisceart, Lár tíre-Iarthuaisceart agus Baile Átha Cliath.

Tá an comhaireamh ar bun i dtrí ionad - i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i gCaisleán an Bharraigh. Ní fhógrófar na chéad torthaí nó go ndúnfaidh na hionaid vótála in áiteanna eile ar fud na hEorpa ag 10 a chlog anocht. 

Glacadh le móramh 4 in aghaidh a 1 le leasú a dhéanamh ar na rialacha a bhaineann le colscaradh sa tír seo.

Is i gComhairlí Contae agus Cathrach na Gaillimhe a fógraíodh an toradh deireanach go moch ar maidin inniu.

82.1% den phobal a vótáil i bhfabhar cead a thabhairt don Rialtas reachtaíocht a chur i bhfeidhm a dhéanfadh maolú ar na rialacha a bhaineann le colscaradh.

Dúirt oifigeach comhairimh i dtoghcheantar Eorpach an Deiscirt le Nuacht RTÉ/TG4 go measann sé go bhféadfadh líon na vótaí millte ansin a bheith chomh hard le 40,000. 22,000 vóta millte a bhí ann sa toghchán Eorpach deireanach in 2014 ach tá an toghcheantar méadaithe ó shin.