Tá a gcéad suíochán ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe buaite ag Comhaontas Glas.

Fuair an t-iarrthóir Alastair McKinstry an tríú suíochán i gConamara Theas ar an tríú comhaireamh ansiúd.

Eolaí aeráide in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea McKinstry.

Naoi suíochán atá ann idir Chonamara Theas agus Chonamara Thuaidh. Fágann torthaí na hoíche aréir go bhfuil:

  • 4 comhairleoirí - duine breise - ag Fianna Fáil
  • 3 comhairleoirí ag Fine Gael - gan athrú
  • 1 comhairleoir ag Comhaontas Glas - duine nua
  • 1 comhairleoir neamhspleách - duine níos lú 
  • gan comhairleoir ar bith ag Sinn Féin, suíochán caillte.

Pádraig Joe Joe Mac An Iomaire, Fine Gael, a fuar an líon is mó vótaí i gConamara Theas, chéad iarracht in aon toghchán. Adhlacóir as Na Doireadha, Baile na hAbhann, is ea Pádraig Joe Joe Mac An Iomaire. Shíl sé gur ag troid don suíochán deireanach a bheadh sé.

Tom Welby a tháinig a fuair an líon is mó vótaí i gConamara Thuaidh, agus ba é an chéad duine sa Stát a toghadh ina chomhairleoir ar aon chomhairle áitiúil an geábh seo. Níor chroch Welby aon phostaer i rith an fheachtais.