Dúirt ceannaire Chomhaontas Glas Éamon Ryan le RTÉ go mbeadh freagracht ar an bpáirtí a bheith páirteach sa chéad rialtas eile dá n-éireodh go maith leo san olltoghchán.

Ag trácht dó ar réamh-mheastacháin na pobalbhreithe maidir leis na toghcháin inné, dúirt Éamon Ryan go bhfuil athrú mór ag teacht ar dhearcadh daoine i leith na timpeallachta ar fud an domhain agus go bhfuil an-ríméad air go bhfuil an t-athrú seo in Éirinn freisin.

Dá n-éireodh le Comhaontas Glas trí shuíochán a bhaint amach i bparlaimint na hEorpa, bheadh móramh ansin ag Lucht Glas trí chéile agus scéal iontais idirnáisiúnta a bheadh ann, a dúirt Éamon Ryan.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go gcaithfidh an páirtí féachaint arís ar a straitéis toghchánaíochta i dtoghcheantar Lár Tíre-Iarthuaisceart i bhfianaise nach bhfuair a mbeirt iarrthóirí ach 9% den vóta eatarthu ansin, de réir na pobalbhreithe.

Tá fearg léirithe ag Teachta Dála Fhianna Fáil i nDún na nGall Pat The Cope Ó Gallchóir faoi straitéis an pháirtí sa toghcheantar. 

Dúirt Eoin Ó Broin ó Shinn Féin nár mhór d'aon pháirtí nach bhfuil fás tagtha orthu ó na toghcháin dheireanacha a machnamh a dhéanamh ar a modh oibre. Tháinig laghdú beag ar thacaíocht Shinn Féin sna toghcháin seo. 

Dúirt an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin ó Pháirtí an Lucht Oibre gur cheart don pháirtí sin cónascadh le Comhaontas Glas agus leis na Daonlathaithe Sóisialta i bhfianaise chomh dona agus a chruthaigh an páirtí sna toghcháin.