Creideann os cionn an cheathrú cuid de na daoine a ghlac páirt sa phobalbhreith a rinneadh thar ceann RTÉ agus TG4 inné go bhfuil an Ghaeilge "fíorthábhachtach". 5% a dúirt nach bhfuil tábhacht ar bith léi. 

Rinneadh os cionn 3,000 agallamh ag breis is 150 ionad vótála agus cuireadh roinnt ceisteanna ar dhaoine faoi thábhacht na Gaeilge dar leo. 

Iarradh orthu uimhir idir 0 agus 10 a thabhairt do thábhacht na teanga. 27% a thug uimhir 10 di, an céatadán is mó as aon cheann de na huimhreacha. Uimhir 8 an céatadán ab airde ina dhiaidh sin.

Nuair a chuirtear an líon daoine idir uimhir 7 agus uimhir 10 le chéile, tugtar le fios gur 60% de na vótóirí a chreideann go bhfuil an Ghaeilge "tábhachtach".

Anailísítear na freagraí idir 7 agus 10 de réir seacht gcatagóir - gnéas (nó inscne), aois, aicme shóisialta, réigiún, áit chónaithe (baile nó tuath), rogha páirtí agus cumas Gaeilge. 

Mar a thugann an léaráid thuas le fios, as na daoine a thug idir 7 agus 10 do thábhacht na Gaeilge, idir 18 agus 34 bliain d'aois atá an céatadán is mó díobh - 69%. San aoisghrúpa is sine - daoine os cionn 55 bliain - atá an céatadán is ísle. 

As na páirtithe polaitíochta ar fad, is iad vótóirí Shinn Féin is mó a chreideann i dtábhacht na Gaeilge - 67% - agus lucht tacaíochta Fhine Gael is lú atá tughta don teanga.

I dtaca le cumas Gaeilge de, is iad na daoine a labhraíonn Gaeilge go rialta is mó a chreideann i dtábhacht na teanga - 88%. Dúirt 39% de na daoine nach bhfuil ábalta Gaeilge a labhairt go bhfuil an teanga tábhachtach. 

Fiafraíodh de dhaoine freisin cé acu is tábhachtaí i réimsí éagsúla na Gaeilge, dar leo, leis an teanga a chur chun cinn agus a chosaint. 

As na roghanna ar fad a tugadh dóibh, creideann 34% den dream a ceistíodh gurb iad na Gaelscoileanna is mó a dhéanfas leas na teanga. 16% a chreideann gur tábhachtaí tacaíocht don teanga sa Ghaeltacht agus 14% a chreideann gur tábhachtaí cláir theilifíse Gaeilge.

Creideann 8% gur tábhachtaí fós tacú le suímh Ghaeilge ar líne agus 3% a chreideann gur mó tábhacht a bhaineann le cláir raidió Gaeilge. 

Anailísítear na freagraí de réir na seacht gcatagóir a pléadh thuas - gnéas (nó inscne), aois, aicme shóisialta, réigiún, áit chónaithe (baile nó tuath), rogha páirtí agus cumas Gaeilge. 

As na daoine a dúirt gur tábhachtaí na Gaelscoileanna chun an Ghaeilge a chur chun cinn, is cainteoirí rialta Gaeilge iad 65% díobh - an céatadán is airde sa chatagóir sin. 

Ó thaobh áit chónaithe de, sna bailte atá 54% díobh le hais 46% faoin tuath. 

As na páirtithe polaitíochta ar fad, is iad vótóirí Chomhaontas Glas is mó a chreideann i dtábhacht na nGaelscoileanna - 60% - agus vótóirí Pháirtí an Lucht Oibre is lú a chreideann ina dtábhacht. 

Maidir le cláir theilifíse Gaeilge, daoine a labhraíonn Gaeilge go rialta agus daoine nach labhraíonn Gaeilge riamh is mó a chreideann i dtábhacht na hearnála sin - 44% i gcás an dá dhream. 

I measc cainteoirí rialta Gaeilge atá an céatadán is airde a chreideann gur chóra tacú leis an teanga sa Ghaeltacht - 42%.