Tá tacaíocht shuntasach i measc an phobal d'athaontú na hÉireann, de réir na pobalbhreithe a rinne an comhlacht Red C thar ceann RTÉ agus TG4 díreach tar éis na vótála inné.

Tugtar le fios sa phobalbhreith gur 65% de na daoine a chaith vóta inné a bheadh i bhfabhar an tír a bheith aontaithe arís dá mbeadh reifreann ar an gceist amárach ann. 19% a bheadh ina aghaidh agus dúirt 15% díobh nach raibh a fhios acu nó dhiúltaigh siad an cheist a fhreagairt.

Nuair a chuirtear as an áireamh an dream nach raibh a fhios acu agus an dream nach vótálfadh, tugann an phobalbhreith le fios gur 77% den phobal atá i bhfabhar an athaontaithe agus 23% atá ina aghaidh. 

Tá fáilte curtha roimh an toradh seo ag leascheannaire Shinn Féin Michelle O'Neill. Dúirt sí go bhfuil sé in am anois ag Rialtas na hÉireann plean a leagan amach d'athaontú na tíre.

Michelle O'Neill

Más fíor don phobalbhreith, creideann 82% de na vótóirí gur chóir go bhfanfadh an tír seo neodrach i dtaca le cúrsaí idirnáisiúnta de agus thug an tríú cuid díobh le fios go n-aontaíonn siad gur chóir go mbeimis páirteach i bhfórsa armtha Eorpach. 

Maidir le hathrú aeráide, creideann 90% de na vótóirí gur cheart don Rialtas níos mó airde a thabhairt ar an gceist.