Cuireadh tús ag 9 a chlog ar maidin le sórtáil na votaí sa toghchán áitiúil agus sa reifreann ar an gcolscaradh. Cuireadh tús ina dhiaidh sin in ionaid áirithe le comhaireamh na vótaí. 

Is ar maidin amárach a chuirfear tús le comhaireamh na vótaí sna toghcháin Eorpacha.

Is é an comhairleoir neamhspleách Thomas Welby an chéad duine sa tír a toghadh. Toghadh é tar éis an chéad chomhaireamh i gConamara Thuaidh.

Go gairid ina dhiaidh sin, toghadh Michael D O'Shea ó Fhianna Fáil i gCorca Dhuibhne agus ina dhiaidh siúd Gerry Murray ó Shinn Féin i mBéal Átha na Muice, Co Mhaigh Eo. 

949 comhairleoir áitiúil ar fad atá le toghadh. 

Thomas Welby agus a ghariníonacha

De réir a bhfuil á thuairisciú ag lucht teailí, is cosúil go mbeidh Fianna Fáil ar an bpáirtí is mó i gcónaí ar na comhairlí áitiúla agus beagán le cois 25% den vóta acu. Más fíor, buafaidh an páirtí suíocháin bhreise - go háirithe i mBaile Átha Cliath. 

Tá lucht teailí den bharúil go mbainfidh Fine Gael suíocháin bhreise amach freisin agus go gcaillfidh Sinn Féin roinnt. Mar shampla den lá crua a bhí ag Sinn Féin, is cosúil nach dtoghfar arís ach duine den seisear comhairleoirí atá ag an bpáirtí i Luimneach.

Tugtar le fios i bpobalbhreith a rinneadh thar ceann RTÉ agus TG4 díreach tar éis na vótála gur chruthaigh Comhaontas Glas go han-mhaith ar fud na tíre sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha araon. Tá an cuntas seo ag teacht lena bhfuil á thuairisciú ag lucht teailí sna hionaid chomhairimh ó mhaidin. Tá seans ann go mbufaidh na Glasaigh 30 suíochán - ardú mór ar an 12 suíochán a bhuaigh siad in 2014. 

Más fíor don phobalbhreith, gheobhaidh Ciarán Cuffe ón bpáirtí sin an líon is mó vótaí i mBaile Átha Cliath sna toghcháin Eorpacha agus tá seans maith ag iarrthóirí an pháirtí sa Deisceart agus i Lár Tíre-Iarthuaisceart - Grace O'Sullivan agus Saoirse McHugh - suíocháin a bhuachan freisin. 

Ionad comhairimh Chaisleán an Bharraigh, Co Mhaigh Eo

9% den vóta náisiúnta a gheobhas Comhaontas Glas sa toghchán áitiúil, de réir na pobalbhreithe. Sin ardú suntasach ar an toghchán deireanach. 

Ceapann lucht teailí go bhféadfadh na Daonlathaithe Sóisialta suas le 20 suíochán a bhuachan sa toghchán áitiúil. Bunaíodh an páirtí bliain i ndiaidh an togcháin áitiúil dheireanaigh.  

Ceistíodh vótóirí freisin faoin reifreann ar an gcolscaradh agus tugann an phobalbhreith le fios gur 87% a vótáil ina fhabhar agus 12% ina aghaidh. Fógrófar an toradh oifigiúil níos deireanaí anocht. 

Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan, a bhí ina stiúrthóir toghchánaíochta ar an reifreann ag Fine Gael, go gcuireann sé iontas uirthi go bhféadfadh an vóta a bheith chomh hard le 87%.