Tugtar le fios i bpobalbhreith gur chruthaigh Comhaontas Glas go han-mhaith ar fud na tíre sna toghcháin Eorpacha. Má thagann an tuar ar an tairngreacht, is é Ciarán Cuffe ón bpáirtí sin a gheobhas an líon is mó vótaí i mBaile Átha Cliath. 

Red C a rinne an phobalbhreith díreach tar éis na vótála thar ceann RTÉ agus TG4. Rinneadh os cionn 3,000 agallamh ag breis is 150 ionad vótála ar fud na tíre, agus bunaithe ar vótaí céadrogha atá na réamh-mheastacháin ar fad. 

Sa phobalbhreith seo, tá lamháil earráide 3% i gceist go náisiúnta agus 4% sna toghcheantair.

Sa toghchán áitiúil, tugann an phobalbhreith le fios go bhfuil Fine Gael agus Fianna Fáil gob ar ghob le 23% agus go bhfuil sciar maith den vóta ag Neamhspleáigh freisin. 

Toghchán Áitiúil: FG 23%  FF 23%  Nspl 15%  SF12 %  C Glas 9%  L Oib 6%  D Sóis 3%  Pbl Roimh Bhrb 2%  Nspl ar son Ath 2%

De réir na pobalbhreithe chomh maith, rithfear an reifreann faoin leasú ar an gcolscaradh le móramh mór. 87% a vótáil i bhfabhar an leasaithe agus 12% ina aghaidh. Níor fhreagair 1% an cheist nó dhiúltaigh siad glacadh leis an bpáipéar ballóide.

Maidir leis na toghgcháin Eorpacha, seo na réamh-mheastacháin do na hiarrthóirí aonair: 

Lár Tíre-Iarthuaisceart  Mairéad McGuinness FG 25%, Matt Carthy SF 15%, Saoirse McHugh C Glas 12%, Maria Walsh FG 10%, Luke Ming Flanagan NS 10%, Peter Casey NS 7%, Brendan Smith FF 6%, Anne Rabbitte FF 3%, Dominic  Hannigan L Oib 3%, Fidelma Healy Eames NS 3%, Cyril Brennan Pbl Roimh Bhrb 2%, Michael O’Dowd Renua 1%, gach iarrthóir eile faoi bhun 1%.

Deisceart Seán Kelly FG 16%, Liadh Ní Riada SF 13 %, Billy Kelleher FF 13%, Grace O’Sullivan C Glas 12%, Mick Wallace NS 10%, Malcolm Byrne FF 9%, Deirdre Clune FG 9%, Andrew Doyle FG 4%, Sheila Nunan L Oib 3%, Allan Brennan NS 2%, Dolores Cahill NS 2%, Diarmuid O’Flynn NS 1%,  Adrienne Wallace Pbl Roimh Bhrb 1%, Breda Gardner NS 1%, Liam Minehan NS 1%, Theresa Heaney NS 1%, Peter Madden NS 1%, Peter O’Loughlin Féin É 1%, gach iarrthóir eile faoi bhun 1%.

Baile Átha Cliath Ciarán Cuffe C Glas 23%, France Fitzgerald FG 14%, Barry Andrews FF 12%, Clare Daly NS 12%, Lynn Boylan SF 10%, Garry Gannon D Sóis 6%, Alex White L Oib 5%, Mark Durkan FG 5%, Alice-Mary Higgins NS3 %, Gillian Brien Pbl Roimh Bhrb 2%, Ben Gilroy NS 2%, Rita Harrold Pbl Roimh Bhrb 1%, Éilis Ryan PO 1%, Gemma O’Doherty NS 1%, Éamonn Murphy NS 1%, Tony Bosco Lowth NS 1%, gach iarrthóir eile faoi bhun 1%.

Ceistíodh na daoine a ghlac páirt sa phobalbhreith freisin faoi thábhacht na Gaeilge dar leo, agus foilseofar na torthaí sin ag 12.30 in amárach.