Tá dreapadóir Éireannach tar éis bháis ar Shliabh Everest. Bhásaigh an dreapadóir go luath ar maidin inniu. 

Tá an fear ainmnithe mar Kevin Hynes as An Droichead Nua i gContae na Gaillimhe. Bhí sé 56 bliain d'aois. Athair bheirt clainne a bhí ann agus bhí sé ina chonaí i Middlesex i Sasana. 

Tuarisicítear sna meáin áitiúla i Neipeal agus ar na meáin shóisialta gur bhásaigh an fear i ndiaidh do iompú ar ais le linn do a bheith ag dreapadh agus sula bhain sé mullach an tsléibhe amach.

Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil siad ar an eolas faoi bhás an fhir.

Tagann an scéala agus an cuardach do Seamus Lawless as Bré i gContae Chill Mhantáin ag leanúint ar aghaidh. 

Chuaigh Seamus Lawless a bhí 39 bliain d'aois agus ina Ollamh le Coláiste na Tríonóide ar iarraidh nuair a thit sé le fána ar an sliabh is airde ar domhan.

Tuigtear gur thit sé agus é ag imeacht le fána an tseachtain seo caite. 

D'aimsigh an fhoireann a bhí i mbun cuardaigh do Seamus Lawless i gceantar ar a dtugtar 'limistéar an bháis' ar Shliabh Everest píosa de threalamh a bhí á usáid ag an Ollamh as Bré, i gContae Chill Mhantáin.

Creideann lucht tarrthála gur thit Séamus Lawless isteach i gcreabhás atá thar a bheith do-aimsithe.