Le linn don Phríomh-Aire a bheith i mbun cainte taobh amuigh do uimhir a deich Sráid Downing ar maidin, thug sí le fios go n-éireoidh sí as ar an 7ú Meitheamh. 

Dúirt sí gur cúis mhór aiféala di é gur theip uirthi Brexit a sholáthar.

Níos luaithe bhuail sí le ceannaire chulbhinse an pháirtí Caomhach, Graham Brady chun a todhchaí a phlé.

Scriosadh a húdarás mar Phríomh-Aire nuair a bhí míshástacht mhór ann maidir lena margadh nua Breatimeachta.

Bhí sé ráite ag Theresa May roimhe seo go seasfadh sí i leataobh nuair a bheadh glactha ag an bParlaimint lena margadh Breatimeachta. 

Dé Máirt chuir sí tús le hiarracht nua chun go gceadódh reachtóirí a margadh go luath i Mí an Mheithimh. Tá an vóta sin anois curtha siar ag an Rialtas. 

Tá diúltaithe trí bhabhta cheana féin ag Teachtaí Parlaiminte don margadh aistarraingthe a aontaíodh le ceannairí Eorpacha anuraidh.

Léirigh go leor Teachtaí uafáis agus fearg le déanaí nuair a chuir an Príomh-Aire, moltaí nua os a gcomhair. I measc na moltaí, bhí rogha ann chun Reifreann eile maidir leis an mBreatimeacht a reachtáil. 

Le tocht ina glór i dtreo deireadh a cuid cainte ag Sráid Downing  ar maidin, dúirt Theresa May gur onóir mhór ghroí a bhí ann di freastal ar an dtír is gaire dá croí. 

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go bhféadfadh an tír a bheith ag díriú ar thréimhse ana-dhainséarach maidir leis an mBreatimeacht.

Bhí beagnach 3 bliana caite ag Theresa May ina Príomh-Aire ar an mBreatain ó tháinig sí i gcomharbacht ar David Cameron i Mí Iúil na bliana 2016.