Tuairiscítear go gcuirfear tús inniu le cuardach d'fhear ón tír seo, atá ar iarraidh ar Shliabh Everest.

Bhain Séamus Lawless, barr an tsléibhe amach an tseachtain seo caite i dteannta fhoireann dreapadóirí eile.

Ach, ar an mbealach anuas tuigtear gur thit sé.

Cuirfidh naoi ndreapadóir faoi stiúr Noel Hanna tús leis an chuardach ar maidin, dar le nuachtán Himalayan Times.

Is Ollamh é Séamus Lawless, i gColáiste na Tríonóide,Baile Átha Cliath.

Tá breis agus €250,000 báilithe go dtí seo trí fheachtas báiliúchán airgid ar líne chun cuidiú leis an chuardach.

Is as Contae Chill Mhantáin do Shéamus Lawless ó dhúchas.