Tá €55,000 a thairiscint ag deontóir anaithnid ar mhaithe le heolas a chuideodh le coirp tríúr a chuaigh ar iarraidh i rith na coimhlinte a aimsiú.
Ní bhfurarthas coirp Columba McVeigh, Joe Lynskey ná Robert Nairac riamh.
Aithnítear iad mar chuid den ‘Diappeared’, daoine a maraíodh agus ar cuireadh a gcoirp in áiteanna rúnda i rith na coimhlinte.
Chuaigh seisear déag ar iarraidh ar an bhealach seo sna 1970aidí agus sna 1980aidí i dTuaisceart na hÉireann. Creidtear gur mharaigh poblachtánaigh iad.
Is iad Columba McVeigh, Joe Lynskey agus Robert Nairac an tríúr deireanach nach bhfuarthas riamh.
Dúirt an carthanas Breataine ‘Crimestoppers’ go mbaineann an luaíocht le heolas a fháil faoi láthair adhlactha an tríúr agus ní faoin bhealach ar bhásaigh siad.