Tá damáistí €160,000 ceadaithe don aturnae, Gerald Kean.

Sin tar éis don ghiúiré san Ardchúirt a rialú go ndearnadh clúmhilleadh air in alt nuachtáin.

Ba i nuachtán an 'Irish Daily Star' ar an 11ú lá de Mhárta 2016 a foilsíodh an t-alt a tharraing an chaint agus an chonspóid.

Rialaigh móramh an ghiúiré gur chiallaigh an méid a bhí scríofa san alt, go bhféadfadh sé thabhairt le fios, go raibh baint ag Gerald Kean le grúpa coirpeach 'Hutch Kinahan'. 

Dúirt Gerald Kean go ndearna an t-alt dochar dá chlú pearsanta agus gairmiúil.

Tá sé seo séanta ag an nuachtán.