D'fhreastal na céadta inniu ar sheirbhís sochraide, Azzam Raguragui, an t-ógánach 18 bliain d'aois a maraíodh de bharr ionsaithe Dé hAoine seo caite.

B'amhlaidh a sáthadh é i nDún Droma.

Ghlac Abdurrahman Raguragui, athair Azzam, buíochas leis an bpobal agus leis na gardaí faoin tacaíocht atá faighte acu uathu, ón am ar tharla an eachtra.