Tá Conradh na Gaeilge ag achainí ar phobal na Gaeilge, an teanga a chur san áireamh agus iad ag caitheamh vóta sna toghcháin seachtain ó inniu.

Dé hAoine seo chugainn atá na toghcháin do pharlaimint na hEorpa agus comhairlí áitiúla á reachtáil.

Tá gealltanas tugtha ag cuid de na hiarrthóirí don toghchán Eorpach go labhróidh siad Gaeilge thall sa bParlaimint ansin má thoghtar iad.

Tá an gealltanas tugtha freisin go gcuirfidh iarrthóirí feabhas ar a gcuid Gaeilge.

Maidir leis na toghcháin áitiúla, tá geallúintí á lorg ó iarrthóirí go bhfóstófar Oifigeach Gaeilge lánaimseartha i gceantar an Údaráis, go dtabharfar ainmneacha Gaeilge amháin ar eastáit nua titíochta sa limistéar agus go ndéanfar Plean Teanga a chur chun cinn ann.

Tá glactha ag gach páirtí le héilimh an Chonartha, ach amháín Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre, a raibh a gcuid moltaí fhéin acu, agus Renua, nár fhreagair na ceisteanna.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na hiarrthóirí atá ag tacú leis an bhfeachtas ar shíomh idirlíon an chonartha.