Tá an cuardach, atá ar bun d'fhear ón tír seo, atá ar iarraidh ar Shliabh Everest,curtha ar athló.

An droch-aimsir faoi ndear é seo a dúradh.

Seamus Lawless, atá ar iarraidh ar Shliabh Everest

Bhain Séamus Lawless, barr an tsléibhe amach luath maidin inné i dteannta fhoireann dreapadóirí eile.

Ach, ar an mbealach anuas tuigtear gur thit sé.

Is Ollamh é Séamus Lawless, i gColáiste na Tríonóide,Baile Átha Cliath.

Creidtear go bhfuil a theaghlach ar an tslí go Nepal. 

Is as Contae Chill Mhantáin do Shéamus Lawless ó dhúchas.