Dúirt Iar-Leas Céad Aire an Tuaiscirt,Séamus Mallon go bhféadfadh sé a bheith ró-luath pobalbhreith a reachtáil ar cheist na teorann.

Dúirt sé leis go bhféadfadh sé foréigean a spreagadh. 

D'eascair Comhaontú Aoine a' Chéasta cuid mhór a bhuíochas den obair a rinne Seamus Mallon agus a leithéid.

Dúirt an t-iar fheisire de chuid an SDLP, nach dócha go dtabharfaidh móramh sa bhreis ar 50% i measc an phobail ó thuaidh i bhfábhar Éire Aontaithe, 'tír shíochánta dúinn'.

'Meancóg a bhí anseo 100 bliain ó shin' a dúirt an tUasal Mallon, 'agus anois d'fhéadfadh foréigean a theacht as buairt na nAontachtóirí'.