Dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar go bhfuil sé an-tromchúiseach gur chlis ar na cainteanna féachaint le réiteach a fháil ar an tsáinn sa bpróiséas Breatimeachta.

Dúirt sé gur chéim ar gcúl a bhí ann.

6 seachtainí a bhí an páirtí Caomhach agus an Lucht Oibre i mbun idirbheartaíochta, ach níor thángthas ar aon shocrú.

An bheirt cheannairí, An Príomh Aire Theresa May, ceannaire na gCaomhach (thuas), agus Jeremy Corbyn, ceannaire an Lucht Oibre (thíos)

Chinn sé ar an dá thaobh teacht ar chomhréiteach ar pholasaithe áirithe tábhachtacha.

Dúirt urlabhraí leis an bPríomh-Aire,Theresa May, go ndéanfaidh an Rialtas cinneadh faoi céard is fearr dhóibh a dhéanamh anois.