Tá 17,000 oibrí tacaíochta i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte théis vótáil le móramh mór dhul i mbun stailce.

Beidh 36 ionad cúram sláinte ar fud na tíre buailte dá bharr seo.

D'fhéadfadh na hoibrithe a bheith i mbun stailce chomh luath le tús mhí an Mheithimh.

Tá póirtéirí, glantóirí agus cócairí i measc na n-oibrithe atá i gceist.

D'fhéadfadh suas le €2,000 bheith le fáil ag cuid díobh.