Tá sé ar intinn ag iarRúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine Boris Johnson é féin a chur chun do phost an cheannaire ar Pháirtí na dTóraithe.

Sula leagfaidh sí amach amchlár le ceannaire nua a ceapadh ar Pháirtí na dTóraithe, cuirfidh Príomhaire na Breataine Theresa May an socrú aistarraingte Breatimeachta os comhair Feisirí Parlaiminte arís eile.

Cuirfear an socrú aistarraingte os comhair Feisirí Parlaiminte i Westminster arís i dtús mhí an Mheithimh.

Tá sé geallta ag Príomhaire na Breataine Theresa May go leagfaidh sí amach amchlár le ceannaire nua a ceapadh go gairid ina dhiaidh sin.

Chas an Príomhaire Theresa May le baill shinsearacha sa pháirtí inniu.

Má chailleann sí an chéad vóta eile ar an Bhreatimeacht atá diúltaithe trí huaire go dtí seo, tuigtear go n-éireoidh sí as an cheannaireacht.